A chuimhne ar a óige, lear imirce, ní raibh obair ar bith sa bhaile. D’fhág sé an scoil ag 14 bliana. Costarnocht ó Lá Fhéile Pádraig go Oíche Shamhna. Ag buachailleacht do dhaoine, ag obair le móin agus le hasail. Baint phrátaí. Ní raibh an t-airgead mór. Daoine carthanach san am. Corr lá fá Óstán Rosapenna ag caddieáil do na bodaigh. Daoine ó Bhaile na nGallóglach [Milford] – dhíolfadh cuid acu go maith. Bhí an t-óstán ag gabháil go maith agus cha raibh oiread tithe san áit. | 00:03:58 | |